5eanna Bunscoile SPAR FAI 2017

Tá Iarrataisí oscailte anois do 2017

Cliceáil ar http://www.fai.ie/primary5 le clárú

 

A Mhúinteoir a Chara,

 

Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil próiseas na n-iarrataisí 2017 do chlár 5eanna SPAR FAI oscailte anois.

 

Anuraidh, bhí baint ag 24,000 dalta leis an gclár agus ghlac breis is 1,200 scoil páirt ann.

Tá an comórtas ar an bhfód ó lár na 1990í agus gealltar go mbeidh an clár níos mó agus níos fearr i mbliana.

 

Breathnaigh, le do thoil, ar an ngearrthóg seo de Lá na gCluichí Ceannais Náisiúnta i Stáid Aviva, Baile Átha Cliath: https://www.youtube.com/watch?v=FVDhXIqbh84

 

Tá ríméad ar Scoileanna FAI a fhógairt go reáchtálfar na Cluichí Ceannais Náisiúnta i Stáid Aviva arís i mbliana.

 

D'fhéadfadh do scoilse bheith sna Cluichí Ceannais Náisiúnta ar an 31ú Bealtaine, mar sin cláraigh anois le deis a bheith agaibh dhuil an bealach ar fad agus lá a mhairfidh i gcuimhne na scoile agus na ndaltaí a chruthú.

 

Is do ghasúir i ranganna a 4, 5 agus 6 an comórtas iontach seo agus tosaíonn sé ar fad ag leibhéal condae. Is deis iontach na himeachtaí seo do chailíní agus buachaillí páirt a ghlacadh i lá blitz amháin lán le spraoi.

 

Tá sé rannóg ann (3 cinn do bhuachaillí agus 3 cinn do chailíní) le freastal ar scoileanna de chuile mhéid, mar sin más scoil bheag nó mór nó idir eatarthu atá agaibh tá comórtas ann a bhéas feiliúnach dhaoibh.

 

Cuir aithne ar shtruchtúr agus rialacha an chomórtais atá le fáil ar an bPDF atá ceangailte leis seo.

 

Próiséas Clárú agus Íocaíochta

Cláraigh do scoil anois ag www.fai.ie/primary5

Seol seic de €50 in ainm FAI SCHOOLS chuig an eagraí áitiúil cuí:

 

  • Mumhan: Mr. Gerard Duggan, St. Mary’s BNS, Port an Chalaidh, Co. Phort Láirge

  • Ulaidh: Mr. Martin Robins, 51 Ard Colgan, Carndonagh, Inis Eoghain, Co. Dhún na nGall

  • Connacht: Mr. Noel Dervan, Lisaniskey NS, Ballydooley PO, Donamon, Co. Ros Comáin

  • Laighin: Mr. Tom Bolger, St. Bernadette’s SNS  Gleanntán an Choiréil, Baile Átha Cliath 22

Ní bheidh cead ag scoileanna páirt a ghlacadh go mbeidh an fhoirm agus an táille againn.

 

 

Má bhíonn tú ag iarraidh athrú nó ceartúchán a dhéanamh le do iarratas, ní gá iarratas eile a dhéanamh. Is féidir na h-athraithe  dhéanamh ach r-phost a sheoladh chuig: Amendments can be made by emailing: primaryschools@fai.ie  

 

Gheobhaidh chuile scoil a ghlacfaidh páirt liathróid dea-mhéine amháin. Gheobhfaidh tú é seo ar lá an chomórtais.

 

Cluichí cáilithe áitiúla agus sonraí teagmhála na gComhordaitheoirí Áitiúla

 

Breathnaigh ar an gceangaltán de Sceideal 2017 ar a bhfuil na dátaí do na h-imeachtaí Condae uilig.

 

DÉAN CINNTE má tá aon cheist ar leith agat faoi na cluichí cáilithe áitiúla, teagmháil a dhéanamh le do chomhordaitheoir áitiúil le tuilleadh eolais a fháil. Tá a gcuid ainmneacha, uimhreacha fón póca agus seoladh r-phoist le fáil sa sceideal atá ceangailte leis seo.

 

DÁTAÍ DEIREANACHA LE CLÁRÚ

I mbliana níl ach dáta deireanach amháin do chuile chonde, is é an dáta sin ná Dé hAoine, 17ú Feabhra ag 5pm agus ní ghlacfar le haon iarrataisí deireanacha.

 

Le tuilleadh eolais faoin gclár a fháil, seol r-phost chuig primaryschools@fai.ie.

 

Ba mhaith liom ag an bpointe seo chuile rath a ghuimhe ar do scoil sa gcomórtas, tá súil agam go mbainfidh tú taitnemh as.